An Coimisinéir Gaeilge

Directions

An Coimisinéir Gaeilge Coimisineir.org

(*English version in comments) Tá áthas ar Oifig an Choimisinéara Gaeilge dhá dheis atá á gcur ar fáil ag an Oifig um Fh...
31/10/2026

(*English version in comments) Tá áthas ar Oifig an Choimisinéara Gaeilge dhá dheis atá á gcur ar fáil ag an Oifig um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúrtha a roinnt le scoileanna lán-Ghaeilge.

Gradam ‘NICE’ (National Identity and Cultural Expression / Féiniúlacht Náisiúnta agus Léiriú Cultúrtha) - Tá fáilte roimh scoileanna lán-Ghaeilge clárú don chlár Gradam NICE, agus teastais nua Gaeilge ar fáil anois. Cuirtear fáilte roimh scoileanna freastal ar ócáid speisialta i bhFoirgnimh na Parlaiminte ar an 16 Nollaig chomh maith.

BIEN: (‘British? Irish? Either? Neither? / Briotanach, Éireannach, ceachtar nó ceann ar bith?) - Is féidir le scoileanna an taispeántas grianghrafadóireachta seo a fháil ar iasacht ar feadh sé seachtaine. Tugann an taispeántas deis do dhaltaí plé a dhéanamh ar théamaí na féiniúlachta cultúrtha agus na héagsúlachta. Tá pacáiste acmhainní do mhúinteoirí Gaeilge ar fáil leis an taispeántas chun tacú lena úsáid sa seomra ranga.

Tugann an dá thionscnamh deis iontach le plé a spreagadh, féiniúlacht chultúrtha a cheiliúradh agus daoine óga a mhealladh le machnamh a dhéanamh ar na heispéiris éagsúla a mhúnlaíonn ár sochaí.

29/10/2026

Beidh an Coimisinéir Gaeilge ó Thuaidh, Pól Deeds, i láthair ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ar chéad chuairt oifigiúil na hoifige ag an Fhéile.

Ba phribhléid dúinn cuairt a thabhairt ar chartlanna na Gaeilge sa Mhúsaem Daonchultúir de chuid Mhúsaeim Náisiúnta Thua...
26/10/2026

Ba phribhléid dúinn cuairt a thabhairt ar chartlanna na Gaeilge sa Mhúsaem Daonchultúir de chuid Mhúsaeim Náisiúnta Thuaisceart Éireann agus saibhreas na n-ábhar Gaeilge atá á gcaomhnú do na glúnta atá le teacht a fheiceáil.
Insíonn cartlanna mar seo scéal ár muintire, ár bpobal agus ár dteanga. Cinntíonn siad go gcluintear guthanna ón am a chuaigh thart agus cuireann siad acmhainn luachmhar ar fáil do thaighdeoirí, d’fhoghlaimeoirí agus do dhuine ar bith a bhfuil suim aige nó aici inár n-oidhreacht chomhroinnte.
Bhí áthas orm bualadh leis an fhoireann dhíograiseach a chuidíonn leis an bhailiúchán tábhachtach seo a chosaint agus a chur ar fáil don phobal. Is freagracht chomhchoiteann é an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus tá ról ríthábhachtach ag institiúidí cosúil leis an Mhúsaem Daonchultúir san iarracht sin.

Ba phribhléid dom páirt a ghlacadh sa tSearmanas Bronnta Duaiseanna i gColáiste an Chroí Naofa, an Ómaigh agus ceiliúrad...
23/10/2026

Ba phribhléid dom páirt a ghlacadh sa tSearmanas Bronnta Duaiseanna i gColáiste an Chroí Naofa, an Ómaigh agus ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach ag na daltaí iontacha seo a léiríonn díograis agus cumas agus a dhéanann obair chrua.
Comhghairdeas leis na daltaí a fuair duais, na daltaí a oibríonn go dícheallach leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal scoile s’acu go háirithe. Tá dóchas ann do thodhchaí na teanga faoi chúram na ndaoine óga díograiseacha seo.

Recently, our team member Fionnuala had the pleasure of speaking with students at Queen’s University Belfast who are par...
06/10/2026

Recently, our team member Fionnuala had the pleasure of speaking with students at Queen’s University Belfast who are part of An Scéim Chónaithe, QUB’s Irish-language accommodation scheme.

It was a great opportunity to hear about their experiences, share ideas and celebrate the growing community of Irish speakers at the university.

Bhí deis ag ár gcomhghleacaí Fionnuala labhairt le mic léinn in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, atá páirteach sa Scéim Chónaithe, an scéim lóistín Ghaeilge san ollscoil.

Deis iontach a bhí ann éisteacht faoina dtaithí, smaointe a roinnt agus ceiliúradh a dhéanamh ar phobal na Gaeilge atá ag dul ó neart go neart san ollscoil.
Go n-éirí an t-ádh leo lena gcuid staidéir!

Bhí áthas an domhain orm cuairt a thabhairt ar Bhunscoil an Iúir ar na mallaibh agus bualadh leis na daltaí agus leis an...
01/10/2026

Bhí áthas an domhain orm cuairt a thabhairt ar Bhunscoil an Iúir ar na mallaibh agus bualadh leis na daltaí agus leis an fhoireann atá ag tacú leo chun an pobal Gaeilge sa cheantar a neartú agus a fhorbairt.

Bhí sé ar dóigh an díograis atá i measc na ndaoine óga don Ghaeilge a fheiceáil, agus cluinstin faoina dtaithí ar fhoghlaim agus úsáid na teanga achan lá.
Tá ról fíorthábhachtach ag scoileanna mar Bhunscoil an Iúir i gcruthú deiseanna do pháistí agus do theaghlaigh an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chothú. Ba mhór an pléisiúr dom an obair sin a fheiceáil agus pobal na scoile i mbun gnímh.

Go raibh míle maith agaibh as fáilte a chur romhainn agus leanaigí ar aghaidh leis an dea-obair!

I was delighted to visit Bunscoil An Lúir in Newry recently and meet with pupils and staff who are helping to strengthen and grow the Irish-language community in the area.

It was fantastic to see the enthusiasm for Irish among the young people and to hear about their experiences of learning and using the language every day.
Schools like Bunscoil An Lúir play such an important role in creating opportunities for children and families to engage with Irish, and it was a pleasure to see that work in action.

Go raibh maith agaibh for the warm welcome and keep up the great work!

01/10/2026

FÓRAM PHOBAL NA GAEILGE
Ba mhór an onóir dúinn fáilte a chur roimh an Choimisinéir Gaeilge, Pól Deeds agus Fionnuala agus Amber ó oifig an Choimisinéara go Halla na Cathrach i nDoire aréir le páirt a ghlacadh i gcruinniú Fóram Phobal na Gaeilge.
Bhí deis iontach ag baill an Fhóraim cluinstin faoin obair thábhachtach atá idir lámha ag oifig an Choimisinéara agus ceisteanna a chur ar an Choimisinéir agus a fhoireann faoi na pleananna atá ar bun acu le caighdeáin dea-chleachtais a ullmhú.
Tá muid ag súil go mór le bheith ag obair libh amach anseo agus go raibh míle maith agaibh as a bheith linn!
Mayor of Derry City & Strabane District An Coimisinéir Gaeilge

Bhí sé de phléisiúr againn cuairt a thabhairt ar Aonach Mhacha agus bualadh le foireann, tionóntaí, ionadaithe áitiúla a...
28/09/2026

Bhí sé de phléisiúr againn cuairt a thabhairt ar Aonach Mhacha agus bualadh le foireann, tionóntaí, ionadaithe áitiúla agus mic léinn.

Deis iontach a bhí ann an obair mhór atá idir lámha a fheiceáil agus foghlaim faoin ról tábhachtach atá ag Aonach Mhacha sa phobal.

Gabhann muid buíochas le gach duine ag Aonach Mhacha as an fháilte mhór a chuir siad romhainn agus as an am a ghlacadh chun muid a thabhairt thart ar an fhoirgneamh.

It was a pleasure to visit Aonach Mhacha and to meet with staff, tenants, local councillors and pupils.
It was a great opportunity to see the work taking place here and learn more about the important role Aonach Mhacha plays within the community.
Thank you to everyone at Aonach Mhacha for the warm welcome and for taking the time to show us around.

Eispéireas iontach i nGaillimh, ag bualadh le coimisinéirí teanga ó gach cearn den domhan do Chomhdháil Chumann Idirnáis...
23/09/2026

Eispéireas iontach i nGaillimh, ag bualadh le coimisinéirí teanga ó gach cearn den domhan do Chomhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga 2026.

Deis luachmhar a bhí ann le taithí a roinnt, le foghlaim óna chéile agus le plé a dhéanamh ar bhealaí chun seirbhísí poiblí a fheabhsú do chainteoirí mionteangacha agus, ag an am céanna, an éagsúlacht teanga a chosaint do na glúine atá le teacht.

A fantastic experience in Galway, joining language commissioners from across the globe for the International Association of Language Commissioners Conference 2026.

It’s a valuable opportunity to share experiences, learn from one another and explore how we can improve public services for minority language speakers and help protect linguistic diversity for future generations.

22/09/2026

Address

Oifig An Choimisinéara Gaeilge, Teach An Chomhionannais, Cearnóg Shaftesbury
Belfast
BT27DP

Website

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when An Coimisinéir Gaeilge posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Shortcuts

Share

Category

Nearby government services